Wednesday 28 January 2015

Nollag ró-ghearr

Bhí mé ar bís nuair a fuair mé laethanta saoire na Nollag. Bheadh sé Nollag iontach. Theastaigh sos uaim ón scoil. Chuamar go hAifreann ar a naoi a chlog san oíche. Dhúisigh mé de gheit ar a leathuair tar éis a hocht ar maidin. D'oscail mé mo bhronntanais chomh tapaidh agus ab' fhéidir liom. Fuair mé milseáin, bríste géine, geansaí Borussia Dortmund, geansaí Manchester United agus earraí maisíochta. Thug mé bronntanais do mo chlann. D'ullmhaigh mo mháthair agus m'athair an dinnéar. Bhí a lán bia ar an bplata le prataí, caréidí, prataí rósta, brocailí, turcaí agus liamhás agus súlach. Bhí me lán go béal. Chuaigh me go dtí na díolachán sa larionad siopadóireachta i mBaile Átha Luain. Níor cheannaigh mé aon rud mar fuair mé gach rud a theastaigh uaim ó Daidí na Nollag.